top of page

MPT An Iarthuaiscirt

  • Instagram
  • Facebook
  • Twitter

mpt.iarthuaiscirt@gmail.com

Tel: 074 9560620

Oifig Pleanála teanga
An Chrannóg
Sraith na Corcra
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92EYT3

© 2023 by Oileán I.T

Meitheal Pleanála 

Teanga an Iarthuaiscirt

Ranganna Gaeilge 

Rang Gaeilge (Áislann Rann na Feirste).jpg

Bíonn ranganna Gaeilge agus ciorcail comhrá ar siúl do fhoghlaimeoirí in 5 ionaid difriúil sa LPT. 

Is iad na hionaid ata i gceist nó: 

Áislann Rann na Rann na Feirste

Ionad Naomh Pádraig Dobhar

Muintearas

An Chrannóg 

Ionad Pobail Chnoc Fola

Anuas ar sin, bíonn imeachtaí sóisialta eagraithe do na foghlaiméirí le linn na bliana ar nós siúlóidí treoraithe, oíche scannáin, tráth na gceist srl. 

Foghlaimeoirí Gaeilge (Comhartha Gaeilge & Fáilte).jpg
Foghlaimeoirí Gaeilge (Tráth na gCeist).jpg

Gaelchara

Tugann an scéim Gael Chara deis do fhoghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a bhisiú trí chaidreamh a chothú le cainteoir líofa sa cheantair ar bhonn duine le duine.


Bíonn an scéim ar bun in roinnt Limistéir Pleanála Teanga difriúla sa tír. Is iad Dónall Ó Cnáimhsí agus John Ó Fearraigh, Oifigigh Pleanála Teanga a bhíonn ag riaradh na scéime ar shon Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt (MPTIT).

 

Is tréimhse trí mhí atá i gceist agus tá súil againn go mbeidh ar chumas na rannpháirtithe a bheith i dteagmhail le chéile ar a laghad 30 uair a chloig thar an tréimhse sin (2.5 uair sa tseachtain ar an mheán).

 

Ag na rannpháirtithe féin atá sé le socruithe a dhéanamh a n-oireann dóibh féin. Tá MPTIT sásta liúntas de €350 a íoc leis na rannpháirtithe go léir in dhá ghala. Tá ag éirí go maith leis an scéim go dtí seo agus ba mhaith linn é a fhorbairt amach anseo.

Gaelchairde 2023.jpg
bottom of page