top of page

MPT An Iarthuaiscirt

  • Instagram
  • Facebook
  • Twitter

mpt.iarthuaiscirt@gmail.com

Tel: 074 9560620

Oifig Pleanála teanga
An Chrannóg
Sraith na Corcra
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92EYT3

© 2023 by Oileán I.T

Meitheal Pleanála

Teanga an Iarthuaiscirt

Podchraoltaí Conallach na Céadaoine

Shocraigh Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt cúpla bliain ó shin le sraith podchraoltaí a dhéanamh le daoine áitiúil (an dream óg don chuid is mó) bunaithe ar théamaí difriúla ar nós an Ghaeilge, an ceol, an spórt srl. Tá fáil ar na podchraoltaí seo ar ár gcuid meáin shóisialta (Twitter, Facebook + Instagram). Tá muid ar an 3ú sraith anois agus ag éirí go maith linn. Seo roinnt samplaí do phodchraoltaí atá déanta againn go dtí seo.

Aithníonn Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt go bhfuil tábhacht faoi leith le logainmneacha an cheantair i dtaca leis an saibhreas teanga, staire agus béaloidise atá ag baint leo. Mar sin de, shocraigh muid sraith taifid a chur ar bun cúpla bliain ó shin le daoine áitiúil ina ndéanann siad cur síos ar an logainm is fearr leo.


Rinne measarthacht daoine aitheanta as an limistéar pleanála teanga seo taifid cheana féin ar nós Niall Mac Eamharcaigh atá ina aisteoir sa sobal drama cáiliúil Ros na Rún, Áine Ní Bhreisleáin a bhíonn le cloisteáil ar chláracha difriúla de chuid RTÉ RnaG, Noel Ó Gallachóir iar-phríomhoide Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus údar don leabhar ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair (1931-1981)’ a bhain Leabhar Gaeilge na Bliana ag an Oireachtas i mbliana srl.


Chuir Séamus Ó Gallachóir (Feidhmeannach Teanga agus Cultúr de chuid Údarás na Gaeltachta) tús leis an tsraith agus léirigh sé an tábhacht atá leis an logainm é féin do phobal na Gaeilge, an saibhreas iontach Gaeilge atá sna logainmneacha agus an doigh go n-insíonn an leagán Gaeilge don logainm cuid mhór dúinn faoin tírdhreach. Luaigh sé sa taifead sin chomh maith gur dhúirt Uinseann Mac Craith agus Treasa Ní Fhearraigh as Dún Chaoin in Iarthuaisceart Mhaigh Eo, sa leabhar a chur siad amach dar teideal ‘Logainmneacha agus Oidhreacht Dhún Chaoin’ gur ionann logainmneacha do phobal na Gaeilge agus eochair na háite. "Eochair a n-osclaíonn doras nó fuinneog ar ghné dár saol faoi lathair nó don saol ina chuaigh thárt, donár n-oidhreacht agus donár ndúchas a cheanglaíonn don timpeallacht.”


Nasc do na logainmneacha a rinneadh go dtí seo anseo.

Logainm an Luain

bottom of page